Traenáil aonarach ar siúl fud fad an chontae

Faoi mar atá ar fud na tíre, tá na clubanna CLG ar fad i Muineachán dúnta faoi láthair. Thug sé go leor faoisimh dúinn anuraidh nuair a bhí an tsraith agus an craobhcomórtas ar siúl i mí Lúnasa, ach ní féidir leis an rialtas ná an CLG a rá go fóill cén uair a chuirfear tús le cluichí agus seisiúin traenála i mbliana. Fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2020 nach raibh cead ag imreoirí club traenáil a thuilleadh. Is cinnte go raibh an-díomá ar na himreoirí é sin a chloisteáil.

Cibé scéal é, múineann gá seift agus tá daoine fós ag traenáil go haonarach lastigh de 5km den teach s’acu. Tá na clubanna ag cur réimse rudaí ar fail do na himreoirí agus na baill araon, mar shampla, tá neart raonta siúil oscailte na laethanta seo le soilsí ann chun freastal ar gach duine, ar maidin agus sa tráthnóna. Is bealach iontach é chun daoine a mhealladh le píosa aclaíochta a dhéanamh agus aer úr a fháil, go háirithe le linn tréimhse dheacair mar seo.

Anuas air sin, tá an-chuid daoine óga agus foirne ag déanamh seisiúin aclaíochta/ traenála ar zoom. Is deis iontach é sin d’imreoirí daoine eile a fheiceáil agus coinneáil i dteagmháil lena gcuid cairde. Cá bhfios cén uair a fheicfidh muid imreoirí amuigh ar na páirceanna i mbun traenála arís, ach ar a laghad, tá an teicneolaíocht againn anois leis an seó a choinneáil ar an bhóthar.

le Jamie Ní Chorragáin