Is iomaí duine atá ag iarraidh filleadh ar an normáltacht na laethanta seo. Sin ráite, Is gnách le Tom Brady a bheith ag imirt sa Sárbhabhla ag tús mhí Feabhra. Dé Domhnaigh seo chugainn, rachaidh Tom Brady chun páirce sa Sárbhabhla den deichiú huair – rud nach bhfuil déanta ag aon imreoir eile riamh.
An t-aon rud atá difriúil an babhta seo ná gur i ngeansaí Tampa Bay Buccaneers a bheas sé ag imirt. Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ón am seo anuraidh. Tharla sé go raibh go leor tuairimíochta faoi Brady a bheith ag éirí as nuair a thit na Patriots ag an chéad chlaí sna cluichí réitigh anuraidh. D’fhógair sé cúpla lá ina dhiaidh nach mbeadh sé ag imirt leis na Patriots an chéad séasúr eile.
Chaith Brady (atá 43 bliana d’aois anois) 20 séasúr ag imirt leis na Patriots. Cé gur léir gurbh é an ceathrúchúlaí ab fhearr a bhí sa tsraith le linn na tréimhse sin (agus 6 shárbhabhla buaite aige), ní raibh Brady ag tuilleamh an méid airgid is mó. De bharr an tsriain ar thuarastail san NFL, ní bhíodh na Patriots in ann imreoirí maithe a choinneáil ar an pháirc le Brady agus conradh costastach a thabhairt dó ag an am céanna. Is cosúil go raibh Brady sásta tús áite a thabhairt dá fhoireann agus glacadh le pá níos ísle ná ceathrúchúlaithe eile sa tsraith.
Sin ráite, nuair a thosaigh sé an séasúr seo mar imreoir as conradh bhí a fhios aige go maith go raibh lá an phá i ndán dó. Ba iad na Buccaneers an tairgeoir is airde agus níorbh fhada gur thosaigh imreoirí eile as conradh ag síniú leis na Buccaneers leis an deis a thapú imirt le Brady roimh dheireadh a ghairme – imreoirí ar nós Leonard Fournette, Rob Gronkowski agus Antonio Brown. Ag tús an tús an tséasúir, ba léir go raibh rud éigin le cruthú ag Brady agus shíl na himreoirí mórthimpeall air nach raibh ach aon sprioc amháin aige – fáinne sárbhabhla eile a bhaint.
Os a choinne sin, beidh Patrick Mahomes ag iarraidh an sárbhabhla a bhaint dhá bhliain as a chéile Dé Domhnaigh. Is beag rud ar domhan atá chomh taitneamhach is atá sé a bheith ag amharc ar Mahomes i mbun a cheirde. Lasann sé suas an tsraith seachtain i ndiaidh seachtaine le buachphointí agus scileanna nach bhfacthas cheana. Tháinig Mahomes isteach san NFL i 2017. Roghnaíodh é mar phríomh-cheathruchúlaí na Kansas City Chiefs sa bhliain 2018. Bhuaigh sé an MVP sa séasúr rialta agus bhuaigh sé an MVP sa sárbhabhla an bhliain dár gcionn.
Tabharfaidh Mahomes agus Brady aghaidh ar a chéile den chúigiú huair laistigh de 3 shéasúr Dé Domhnaigh. D’éirigh le Brady an ceann is fearr a fháil ar Mahomes sa chéad dhá chluiche eatarthu. Mar sin de, beidh Mahomes ag iarraidh trí chluiche as a chéile a bhuachan sa mhion-sraith seo. Cibé rud a tharlóidh, ócáid mhór spóirt a bheas ann Dé Domhnaigh agus Is éacht atá ann go mbeidh an cluiche ar siúl sa chéad áit gan trácht ar lucht féachana a bheith i láthair in aimsir na paindéime. Fiú muna bhfuil spéis ar bith agat sa pheil mheiriceánach, Is é an cluiche seo ‘Thriller in Manilla’ ár linne agus Is fiú go mór amharc air!