Tá na mílte damhsóirí Gaelacha ar fud na tíre ag dul i dtaithí ar na srianta nua agus an éifeacht atá acu siúd orthu. Níl feiseanna ar bith ag tarlú, taisteal ar bith le déanamh ná fiú ranganna damhsa ar siúl níos mó. Tá sé deacair ar fhormhór na bpáistí a spreagadh agus iad sa bhaile. Is léir go bhfuil go leor damhsóirí ann atá ag streachailt leis an dianghlasáil agus tá baol mór ann go gcaillfidh cuid mhór de na daoine óga suim sa damhsa, go háirithe nuair nach bhfuil na ranganna ar siúl.
Tá na muinteoirí damhsa ag déanamh a ndícheall na damhsóirí óga a choinneáil spreagtha le linn na tréimhse deacra seo, mar shampla, rinne Scoil Rince Ní Bhrógáin dúshlán i measc a cuid ball le linn mhí Eanáir. Bhí gach duine curtha i ngrúpaí beaga agus bronnadh pointí orthu nuair a chuaigh siad ar shiúlóid, nuair a d’fhoghlaim siad damhsa nua, agus go leor rudaí eile. Bíonn ranganna fós ar siúl ar Zoom agus ar a laghad tá na páistí fós in ann a choinneáil i dteagmháil lena chéile.
Sin uilig ráite, Is cinnte go bhfuil múinteoirí damhsa thar a bheith buartha faoin todhchaí fhad is atá srianta Covid 19 i bhfeidhm. Beidh go leor dúshlán roimh scoileanna rince mar seo sna míonna amach romhainn.